Skip to main content
Leathanach Baile > Fógraí Poiblí > Foláirimh Chontae Chorcaí

Conas mar a oibríonn sé

Agus tú ag clárú le haghaidh Foláirimh Chontae Chorcaí is féidir leat d’áiteanna Baile agus Oibre a aithint. Ciallaíonn sé seo nach bhfaighidh tú ach foláirimh ábhartha a bhaineann le do shuímh aitheanta seachas foláirimh do gach cearn den Chontae. Mar shampla, má tá cónaí ort i gCloch na Coillte agus tá tú ag obair i gCarraig Uí Leighin, ansin b’fhéidir go bhfaighidh tú foláirimh don dá shuíomh nó do cheantair ar an mbealach díreach idir an dá shuíomh seo. Ní bhfaighidh tú foláirimh, áfach, ach maidir leis na catagóirí ar chláraigh tú ina gcomhair. Mar shampla, má tá tobar príobháideach agat níl aon chiall le clárú le haghaidh Foláirimh Seirbhíse Uisce mar ní thagraíonn na foláirimh seo ach do na Scéimeanna Soláthair Uisce Poiblí agus Grúpa.

Is féidir leat clárú trí chliceáil ar an gcnaipe thíos. Éilíonn clárú go gcuireann tú d’uimhir fóin phóca agus do sheoladh ríomhphoist ar fáil ionas gur féidir le MapAlerter.ie foláirimh a sheoladh chugat. Tá an rogha agat freisin uimhir Líne Talún a chur leis a gheobhaidh teachtaireacht taifeadta.

Nuair a chruthaíonn tú do chuntas is féidir leat logáil isteach i gcónaí agus do chuid socruithe a athrú. Más mian leat díchchlárú ó fholáirimh éagsúla ansin is furasta é a dhéanamh trí do phainéal foláirimh ag am ar bith. Mar an gcéanna, má athraíonn tú do bhaile nó d’áit oibre caithfidh ár léarscáil gréasáin idirghníomhach a úsáid chun d’áit nua a mhapáil go cruinn.

Is seirbhís saor in aisce í seo a sholáthraíonn Comhairle Contae Chorcaí. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil aon chostais chlárúcháin ann agus nach ngearrtar aon táille ar SMS nó Ríomhphoist a fháil. Tabhair faoi deara le do thoil nach n-úsáidfear an fhaisnéis a sholáthraíonn tú ach maidir leis na foláirimh roghnaithe a chur ar fáil duit.

Táimid ag tnúth le foláirimh a sheoladh chugat ar Fholáirimh Chontae Chorcaí!

Cláraigh le haghaidh Foláirimh Chorcaí

Féach ar na Foláirimh is déanaí atá againn

Féach ar an léarscáil Foláirimh Bheo