Skip to main content
Leathanach Baile > Fógraí Poiblí > Foláirimh Chontae Chorcaí

Foláirimh maidir le Cáilíocht Uisce Snámha

Tá Foláirimh Chontae Chorcaí ag tairiscint foláirimh ar cháilíocht uisce snámha anois do na 26 thrá sa chontae atá mar chuid dár gclár monatóireachta uisce snámha. Uiscí Snámha Aitheanta is ea 14 díobh seo, tránna ag a bhfuil Bratach Ghorm is ea 10 gcinn díobh. Ina theannta sin tá Bratach an Chósta Ghlais ag 13 Thrá. Cuimsíonn na foláirimh seo torthaí ar cháilíocht uisce snámha a chuirtear ar fáil de ghnáth gach coicís le linn séasúr snámha an tsamhraidh agus aon srianta ar shnámh má chuirtear in iúl iad agus nuair a chuirtear in iúl iad. Cuirtear na foláirimh ar fáil ó shonraí a sholáthraíonn an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) maidir le monatóireacht a dhéanann an Chomhairle.

Má tá tú ag snámh nó ag úsáid aon cheann de na tránna seo, is féidir leat clárú chun nuashonruithe a fháil i rith míonna an tSamhraidh de réir mar a fhoilsíonn an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) torthaí nua. Gach uair a fhoilsíonn an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) torthaí nua, gheobhaidh tú ríomhphost ó Fholáirimh Chontae Chorcaí.

Teastaíonn cuntas Foláirimh Chorcaí saor in aisce chun clárú chun foláirimh a fháil. Is féidir leat clárú anseo le haghaidh cuntais nua..