04
September
2019

Rally Idirnáisiúnta Chorcaí 20 2019

Rally Idirnáisiúnta Chorcaí 20 2019

COMHAIRLE CONTAE CHORCAÍ



ACHT NA mBÓITHRE, 1993



DÚNADH SEALADACH BÓITHRE POIBLÍ



De bhun Alt 75 Acht na mBóithre 1993, & Airteagal 12 Rialacháin na mBóithre 1994, tugtar fógra leis seo go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Contae Chorcaí na bóithre seo a leanas a dhúnadh go sealadach ar feadh na dtréimhsí a luaitear thíos agus mar gheall ar na cúiseanna a leagtar amach thís:-



Railí Idirnáisiúnta Cork 20 2019

Dé Sathairn 28 Meán Fómhair, 2019 – Dé Domhnaigh 29 Meán Fómhair, 2019



Na Bóithre lena mbaineann an Dúnadh Beartaithe

Céimeanna Speisialta 1,3,5 - Cill na Martra

L-7433-59, L-7433-26, L-7436-0, L-7434-28, L-7434-0, L-7433-0, L-3403-7, L-3403-34,   L-3403-54.

Céimeanna Speisialta 2/4 - Locha Lua

L-4608-69, L-4608-37, L-4608-17, L-4608-0, L-4607-0, L-4606-33, L-4606-11, L- 4606-0.

Céimeanna Speisialta 6/9 - Mullach an Ois

L-7418-55, L-7441-0, L-7422-25, L-7420-14, L-7420-0

Céimeanna Speisialta 7/10/12 - Muisire

L-5248-0, L-3419-0, L-7444-16, L-7444-39, L-7447-40, L-7447-61, L-3417-0, L-7451-0

Céimeanna Speisialta 8/11/13 – Bóthar an Ime

L-7461-44, L-7461-17, L-7461-0, L-2750, L-1123-62, L-1123-40, L-1124-76, L-5246-0,    L-5246-19



Tréimhse an Dúnta Beartaithe

Dé Sathairn 28 Meán Fómhair, 2019

Céimeanna Speisialta 1, 3, 5 - Cill na Martra ó 10:43 a chlog go 18:41 a chlog

Céimeanna Speisialta 2, 4 - Locha Lua ó 11:28 a chlog go 17:20 a chlog

Dé Domhnaigh 29 Meán Fómhair, 2019

Céimeanna Speisialta 6, 9 - Mullach an Ois ó 08:32 a chlog go 14:16 a chlog

Céimeanna Speisialta 7, 10, 12 - Muisire ó 09:11 a chlog go 17:29 a chlog

Céimeanna Speisialta 8, 11,13 - Bóthar an Ime ó 09:43 a chlog go 17:59 a chlog



Malairtí Slí

Céimeanna Speisialta 1,3,5 - Cill na Martra

Le haghaidh trácht ó Dhroichead na Toinne go Ré na nDoirí, téigh ar an R-584 i dtreo Mhaigh Chromtha. Ag Ceimatarbh lean an L-3412 agus an L-3408-34 i dtreo an iarthair i dtreo Chill na Martra agus ar aghaidh go Ré na nDoirí.

Le haghaidh trácht ag gabháil ó dheas ó cheantar Ré na nDoirí chuig ceantar Inse Geimhleach – téigh ar an L-3402 go Béal Átha an Ghaorthaidh agus ansin soir ar an R-584 go hInse Geimhleach.

Le haghaidh trácht ag dul ó thuaidh ó hInse Geimhleach go Ré na nDoirí – téigh ar an R-584 go Béal Átha an Ghaorthaidh agus lean an L-3402 go Ré na nDoirí



Céimeanna Speisialta 2/4 - Locha Lua

Le haghaidh trácht ag dul soir ó cheantar Bhéal Átha an Ghaorthaidh go ceantar Chill Mhichíl – téigh ó Bhéal Átha an Ghaorthaidh ar an R-584 go hInse Geimhleach go Droichead na Toinne agus ansin ó dheas ar an R-587.

Le haghaidh trácht ag dul siar ó cheantar Chill Mhichíl go hInse Geimhleach/Béal Átha an Ghaorthaidh – téigh siar ó thuaidh ar an R-587 go Droichead na Toinne agus ar an R-584 go hInse Geimhleach/Béal Átha an Ghaorthaidh.



Céimeanna Speisialta 6/9 - Mullach an Ois

Le haghaidh trácht ag dul ó thuaidh ó Bhaile Bhuirne/Baile Mhic Íre go Sráid an Mhuilinn trí Mhullach an Ois – téigh ar an L-3409 go Cluain Droichead agus ó thuaidh ar an R-582 go Sráid an Mhuilinn.



Céimeanna Speisialta 7/10/12 – Muisire

Le haghaidh trácht ag dul soir ó cheantar Charraig an Ime – go dtí ceantar Bhaile na Graí – téigh ar an R-582 go Maigh Chromtha agus ansin ó thuaidh ar an L-3418 i dtreo Bhaile na Graí



Céimeanna Speisialta 8/11/13 – Bóthar an Ime

Le haghaidh trácht ag dul siar, téigh ó dheas i dtreo an bhóthair L-3418 Baile na Graí go Maigh Chromtha agus ansin lean an R-582 ó thuaidh go Carraig an Ime agus Sráid an Mhuilinn.

Le haghaidh trácht ag dul soir – téigh ó dheas ar an R-582 go Maigh Chromtha agus ansin ó thuaidh i dtreo Bhaile na Graí ar an L-3418.



Anuas air sin, tá sé beartaithe na bóithre poiblí go léir atá taobh leis na bóithre thuasluaite a dhúnadh - ar na bóithre poiblí sin, dúnfar stráice atá 200 méadar ar fad ó na hacomhail leis na bóithre sin.



Ba chóir agóidí i gcoinne an dúnta shealadaigh bóithre beartaithe a dhéanamh i scríbhinn, chuig an té thíos-sínithe, ag lua Tagairt: TRC-170-19, roimh 5 p.m. ar Dé Máirt 10 Meán Fómhair, 2019. Ba chóir sonraí teagmhála fóin a chur san áireamh leis an agóid.





Stiúrthóir Seirbhísí

Bóithre agus Iompar

Comhairle Contae Chorcaí

An Teach Cúirte

An Sciobairín, Co. Chorcaí 09 2019
{source}<?php
// This results in an error.
// The output above is before the header() call
header('Location: https://www.mapalerter.com/view/5625-14198-2');
?>
{/source}
Original SMS Content: Dúnadh Bóithre - Railí Chorcaí 20 Idirnáisiúnta 2019 ó Dé Sathairn 28 go dtí Dé Domhnaigh 29 Meán Fómhair, 2019.